Advertisement

Lá domhanda na leabhar: Buairt leibhéal an léitheoireacht don spraoi ag titim

“Beidh ár údair agus maisitheoirí amach sna leabharlainn agus siopaí leabhair timpeall na dtíre chun páistí a spreagadh léamh mar spraoi.
Tom Douglas
Tom Douglas

06.00 7 Mar 2024


Share this article


Lá domhanda na leabhar: Buairt...

Lá domhanda na leabhar: Buairt leibhéal an léitheoireacht don spraoi ag titim

Tom Douglas
Tom Douglas

06.00 7 Mar 2024


Share this article


This article is as Gaeilge to mark Seachtain na Gaeilge, the English version is available here.

Is  é Lá Domhanda na Leabhar inniú.

Ach, níl fiú leath na páistí ag baint taitneamh as léitheoireacht, de réir an gcarthanacht World Book Day. 

Advertisement

Tá sé sin tar éis titim go dtí an leibhéal is ísle a feictear ó 2005. 

Dúirt an carthanacht go bhfuil an leibhéal is ísle breathnaithe i bpobail faoi mhíbhuntáiste. 

Brú a scaoileadh 

Tá World Book Day, ag obair le grúpaí cosúil le Foras na Gaeilge, National Book Tokens agus údair/maisitheoirí éagsula, ag iarradh léitheoireacht a spreagagh i measc páistí agus daoine óga. 

Is Read Your Way an t-ainm tabhartha don dtionscadal, leis an aidhm brú a scaoileadh, chun seans a bheith ag daoine óga taitneamh a bhaint agus iad ag léamh. 

I mbliana, tá dhá leabhair eiseach Éireannach ar fáil.

An céad leabhar ná  “The Curious Case of The Irish Yeti, Molly Malone and Bram Stoker,” le Alan Nolan agus pictiúirí le Shane Cluskey.

“Inis Mara” is ainm don dara leabhar, scríobhtha as Gaeilge ag Tristan Rosenstock le bpictúirí ó Mark Wickham. 

Tá an dhá leabhair sin i measc 15 san iomlán sa liosta €1.50, tá an liosta ar fad ar fáil ag worldbookday.com. 

Dearbhán leabhair 

Is féidir dearbhán leabhair a mhalartú le haghaidh leabhar go dtí deireadh na míosa Márta.

Thosaigh an scéim i lár mí Feabhra. 

Tá luach €1.50 ag an dearbhán, agus is féidir é a mhalairt ar son an méad sin bainte as leabhar nó closleabhar atá ag an praghas iomlán. 

Ag Spreagadh Léitheoireacht 

Is é aidhm an ócáid ná chun páistí a spreagadh chun léamh ar a mbealach féin. 

Dúirt príomhoifigeach feidhmiúcháin carthanacht World Book Day, Cassie Chadderton, le Newstalk, go bhfuil na buntáistī a tagann le léamh riachtanach. 

“Beidh ár údair agus maisitheoirí amach sna leabharlainn agus siopaí leabhair timpeall na dtíre chun páistí a spreagadh léamh mar spraoi.” 

Tá samplaí d’achmhannaí Lá Domhanda na Leabhar ar fáil ar suíomh idirlíona World Book Day, cosúil le cartaí agus póstaeir, comh maith le treoireacha do páistí beaga agus daltaí bunscoile. 

Grianghraf: Alamy Stock Photo


Share this article


Read more about

Seachtain Na Gaeilge Seachtain Na Gaeilge 2024

Most Popular