Advertisement

Fearg agus forrántacht na cúiseanna imní is mó d’tuismitheoirí

Bhí 33% do na glaonna faoi fhearg agus forrántacht, le buairt ina dhiaidh at 9%
Tom Douglas
Tom Douglas

06.12 5 Mar 2024


Share this article


Fearg agus forrántacht na cúis...

Fearg agus forrántacht na cúiseanna imní is mó d’tuismitheoirí

Tom Douglas
Tom Douglas

06.12 5 Mar 2024


Share this article


This article is as Gaeilge to mark Seachtain na Gaeilge, the English version is available here.

Is iad fearg agus forrántacht na cúiseanna is mó atá tuismitheoirí buartha faoi. 

Sin de réir uimhreacha 2023 ó Parentline. 

Advertisement

Bhí 33% do na glaonna faoi fhearg agus forrántacht, le buairt ina dhiaidh at 9%. 

Tar éis é sin bhí páistí ag diúltú freastail ar scoil. 

Ag caint le Newstalk, dúirt CEO Parentline, Aileen Hickie, ardaíonn an uimhir timpeall ar fearg agus forrántacht nuair atá íde béil, foréigean agus iompar srianadh curtha san áireamh. 

Tá an t-iompar seo, don chuid is mó, comhlíonta ag déagóirí, agus an tromlach sin dírithe ar máithreacha. 

Is é sin foréigean teaghlaigh, deir Aileen. 

“Is minic a smaoinítear ar foréigean teaghlaigh mar phairtnéir go pairtnéir, ach is é aon fhoréigin nó mí-úsáid ar bith a tharlaíonn sa bhaile.” 

“Bíonn tuismitheoirí fágtha ag mothú, “náire, neamhchumhachtach agus aonaránach,” dúirt Aileen. 

Toitíní Leictreonacha 

Tháinig toitíní Leictreonacha chun cinn mar thopaic imní nua sa bhliain 2023. 

Bhí an t-ábhar seo thart at 1% don teagmháil go léir. 

“B’fhéidir nach bhfuil cuma ard ar sin, ach mar gheall gurb é an chéad ócáid go bhfuil sé ag teacht chun cinn mar ábhair imní, tá sé ard go leor.” 

Dúradh go bhfuil páistí chomh hóg le 10 nó 11 atá in ann “beir greim ar” toitíní leictreonacha mar gheall ar an líon atá ar fáil. 

Tuairisciú 6,147 glaoch san iomlán anuraidh, an uimhir is airde ar bith agus bhí méadú 5% ó 2022. 

Bhí toitíní leictreonacha mar chúis imní ag timpeall 1%, sin thart ar 61. 

Dúirt Aileen is iad na gnéithe atá ag cur imní ar tuismitheoirí ná níl a fhios acu na héifeachtaí gearr nó fadtréimhseacha a bhfuil ag na dtoitíní, agus infhaighteacht na dtoitíní. 

“Is cinnte go bhfeictear neamhord meabhrach, mothaítear go mbeidh deacrachtaí foghlaim ag na bpáistí de bharr sin,” a dúirt Aileen. 

Tá buairt freisin ar na tuismitheoirí ar na himpleachtaí sláinte san iomlán, na himpleachtaí ar inchinn na déagóirí agus an baol andúil. 

Tacaíocht 

Fuair Parentline méadú líon teagmháil dúlagar iarbhreithe, ó uimhreacha íseal i 2022, suas go timpeall ar 1.4% anuraidh. San iomlán sin thart ar 100 teagmhála. 

Mhol Aileen go dtiocfadh tuismitheoirí i dteagmháil má tá aon bhuairt, ceisteanna nó tacaíocht ag teastáil uathu. 

“D’fhéadfadh náire nó ciúnas a bheith mar thoradh ar chuid de na fadhbanna a mbíonn siad ag plé leo.” 

“Níl siad seo téamaí a bheidh tuismitheoirí ullamh comhrá a bheith acu lena gcomharsana, lena cairde, clann nó ag geataí na scoile.” 

Is 01 8733 500 an uimhir fón Parentline, agus is www.parentline.ie an suíomh idirlíon. 

Le tuairisceoireachta ó Teena Gates.

Grianghraf: Islandstock / Alamy Stock Photo

Share this article


Read more about

Aggression Aileen Hickie Anger ParentLine Parents Seachtain Na Gaeilge Seachtain Na Gaeilge 2024

Most Popular