Advertisement

Ciste an Feis Cheoil ag imeacht: todhchaí an imeacht i mbaol

This article is as Gaeilge to mark Seachtain na Gaeilge, the English version is available here. B...
Tom Douglas
Tom Douglas

06.19 12 Mar 2024


Share this article


Ciste an Feis Cheoil ag imeach...

Ciste an Feis Cheoil ag imeacht: todhchaí an imeacht i mbaol

Tom Douglas
Tom Douglas

06.19 12 Mar 2024


Share this article


This article is as Gaeilge to mark Seachtain na Gaeilge, the English version is available here.

Bhí tús ag an 128ú Feis Cheoil inné, ach seans ann go mbeidh sé an Feis deireanach, tá eagraitheoirí buartha faoin gciste.

Níl aon ciste oifigiúl ag an bhFeis òn Rialtas, seachan "ad-hoc" pacáistí anseo is ansiúd ón Roinn Ealaíona. Ní féidir ráthaíocht a thabhairt ar todhcaí an imeacht gan ciste ó bliain go bhliain.  

Advertisement

Feis Cheoil 2024 

Tá an Feis i mbliana ag leanúint ar aghaidh go dtí dé hAoine, an 22ú lá Márta. Bhí Lá Cóir ann inniú, tá laethanta na cnaguirlisí, canadh, téaduirlisí agus fiú stiúradh le teacht.  

San iomlán, tá timpeall ar 5,000 daoine ag glacadh páirt, an cuid is mó acu páistí. Tá raon 7 mbliana d’aois suas go 26/27  mbliana. Níl aon teorainn aoise ann sna gcomórtais sinsearacha. Is iad na rannpháirtithe níos sinne iad na máistéirí. 

Tá an Feis tar éis maireadh tríd dhá Cogaidh Domhanda agus Covid, leis ná gcomórtais go léir ar líne i rith an paindéim.  

Dúirt príomhoifigeach feidhmiúcháin an Feis, Laura Gilsenan, le Newstalk go gcuireann sé rud éigin ar leithligh ar fáil do dhaoine. 

“Is buaicphointe an blian ceoil é, agus is rud atá daoine ag tnúth le, agus bíonn siad ag obair ina dtreo,” dúirt Laura. 

Ciste & an todhcaí 

Tá “an t-adh ar” an Feis go raibh sé, sna 128 bliain atá caite, in ann brath ar airgead ó urraitheoirí, ach tá an ciste sin ag imeacht. 

“Ní féidir eagraíocht comh mór seo a bhainistiú gan tú in ann plean a cuir le chéile ar feadh cúpla bliain, ní féidir é sin a dhéanamh agus tú i staid hand to mouth ó bliain go bliain,” dúirt Laura. 

Ní féidir leis an Feis ciste a fáil ón gComhairle Ealaíon, mar is comórtas atá ann. Níl ciste ón gComhairle ar fáil ag imeachtaí iomaíochta. 

Dúirt Laura Gilsenan go mbeidh sé “oiriúnach” más féidir leis an Rialtas croí-chiste a chuir ar fáil, “ansin bhéinn in ann méadú ar sin.” 

Ag an nóiméad, níl an Feis ábalta ach timpeall at 50% don airgead atá ag teastáil a chruinniú. Tá an airgead sin ag teacht ón bpraghas ticéidí, ballraíocht agus tabhartais.  

Tionchar  

Tá tionchar mór ag an Feis ar na n-iomaitheoirí, dar le phríomhoifigeach feidhmiúcháin an imeacht. 

Dúirt Laura Gilsenan le Newstalk go bhfuil scileanna ar leith foghlaimtha i rith an comórtas. “Tá sé seo i bfhad éagsúil ón rang cheoil,” dúirt sí. 

“Tá siad ag cleasaíocht ós comhair an phobail, tá moltóirí ann ag déanamh measúnú ort agus ar an léiriú, agus tá aiseolas ar fáil duit.” 

“Caithfidh féintreorú agus athléimneach a bheith agat, mar nīl gach duine chun an bua a bhaint amach i gach comórtas.” 

Tá Feis Cheoil ag rith go dtí an 22ú lá Márta i mbliana. 


Share this article


Read more about

As Gaeilge Irish Seachtain Na Gaeilge 2024

Most Popular