Advertisement

Inniu lá na vótála

Tá dhá reifreann ar súil; ceann amháin maidir leis an teaghlach agus an ceann eile maidir le cúrsaí cúraim.
James Wilson
James Wilson

06.00 8 Mar 2024


Share this article


Inniu lá na vótála

Inniu lá na vótála

James Wilson
James Wilson

06.00 8 Mar 2024


Share this article


This article is as Gaeilge to mark Seachtain na Gaeilge, the English version is available here.

Inniu, lá na vótála. 

Tá dhá reifreann ar súil; ceann amháin maidir leis an teaghlach agus an ceann eile maidir le cúrsaí cúraim.

Advertisement

Leasú ar an Teaghlach

Faoi láthair, deir an Bunreacht in Airteagal 41.1.1:

‘Admhaíonn an Stát gurb é an Teaghlach is buíon-aonad príomha bunaidh don chomhdhaonnacht de réir nádúir, agus gur foras morálta é ag a bhfuil cearta doshannta dochloíte is ársa agus is airde ná aon reacht daonna.’

Agus deir sé in Airteagal 41.3.1:

‘Ós ar an bPósadh atá an Teaghlach bunaithe gabhann an Stát air féin coimirce faoi leith a dhéanamh ar ord an phósta agus é a chosaint ar ionsaí.’

Iarrfar ar dhaoine mas mian leo Airteagal 41.1.1 a leasú go:

‘Admhaíonn an Stát gurb é an Teaghlach, bíodh sé bunaithe ar an bpósadh nó ar chóngais bhuanfasacha eile, is buíon-aonad príomha bunaidh don chomhdhaonnacht de réir nádúir, agus gur foras morálta é ag a bhfuil cearta doshannta dochloíte is ársa agus is airde ná aon reacht daonna.’

Chomh maith leis sin, iarrfar ar dhaoine mas mian leo an líne seo a scriosadh ó Airteagal 41.3.1:

‘Ós ar an bPósadh atá an Teaghlach bunaithe’. 

Má aontaíonn tú leis an t-athrú seo, cuir X sa bosca TÁ ar do pháipéar ballóide bán.

Muna aontaíonn tú leis an t-athrú seo, cuir X sa bosca NÍL ar do pháipéar ballóide bán.

Má vótáileann tromlach na ndaoine TÁ, beidh an Bunreacht athraithe.

Má vótáileann tromlach na ndaoine NÍL, ní bheidh an Bunreacht athraithe.

Leasú ar Chúram

Faoi láthair, deir an Bunreacht in Airteagal 41.2.1:

‘Go sonrach, admhaíonn an Stát go dtugann an bhean don Stát, trína saol sa teaghlach, cúnamh nach bhféadfaí leas an phobail a ghnóthú dá éagmais.’

Agus deir sé in Airteagal 41.2.2:

‘Uime sin, féachfaidh an Stát lena chur in áirithe nach mbeidh ar mháithreacha clainne, de dheasca uireasa, dul le saothar agus faillí a thabhairt dá chionn sin ina ndualgais sa teaghlach.’ 

Iarrfar ar dhaoine mas mian leo deireadh a chur le hAirteagal 41.2.1 agus Airteagal 41.2.2 agus Airteagal 42B nua a chur sa Bunreacht.

Seo Airteagal 42B:

‘Admhaíonn an Stát go dtugtar taca don Chomhdhaonnacht, ar taca é nach bhféadfaí leas an phobail a ghnóthú dá éagmais, de bhíthin cúram a bheith á thabhairt ag daoine de theaghlach dá chéile toisc na snaidhmeanna atá eatarthu, agus beidh an Stát ag dréim le tacú leis an gcúram sin a thabhairt.’

Má aontaíonn tú leis an t-athrú seo, cuir X sa bosca TÁ ar do pháipéar ballóide uaine.

Muna aontaíonn tú leis an t-athrú seo, cuir X sa bosca NÍL ar do pháipéar ballóide uaine.

Má vótáileann tromlach na ndaoine TÁ, beidh an Bunreacht athraithe.

Má vótáileann tromlach na ndaoine NÍL, ní bheidh an Bunreacht athraithe.

Pictúir: Madra ag vótáil. Le: Alamy.com


Share this article


Read more about

Bunreacht Na HÉireann Constitution Of Ireland Gaeilge Referendums Seachtain Na Gaeilge 2024

Most Popular