Advertisement

Sean-Nós sa Chathair

Sa togra seo, Sean-Nós sa Chathair, atá á reachtáil ag Splanc ar News...
Newstalk
Newstalk

16.04 3 Jul 2015


Share this article


Sean-Nós sa Chathair

Sean-Nós sa Chathair

Newstalk
Newstalk

16.04 3 Jul 2015


Share this article


Sa togra seo, Sean-Nós sa Chathair, atá á reachtáil ag Splanc ar Newstalk & an tOireachtas agus atá maoinithe ag an gComhairle Ealaíon, tugtar deis do dheichniúr, amhráin ar an sean-nós a fhoghlaim faoi stiúir amhránaithe aitheanta.

Beidh ceardlanna saor in aisce speisialta á gcur ar siúl uair sa tseachtain, ar feadh 2 uair a chloig, i lár chathair Bhaile Átha Cliath, thar thréimhse 8 seachtainí, ag tosú Meán Fómhair seo chugainn.

Ní gá go mbeadh aon chur amach agat ar amhráin ar an Sean-nós, ach go bhfuil tú fiosrach faoi agus gur mhaith leat triail a bhaint as.

Advertisement

Éinne a ghlacann páirt sa togra, caithfidh siad a bheith sásta labhairt ar an aer ar Splanc faoin bpróiseas, insint do dhaoine conas mar atá ag éirigh leo ag na ceardlanna. Craolfar mír ar Splanc faoi mar atá ag eirí leis an rang uair sa tseachtain le linn an ama.

Beifear ag súil freisin go mbeidh siad sásta amhrán a chasadh os comhair an phobail ag deireadh na tréimhse, abair i gClub an Góilín, ná fiú ar ag Oireachtas na Samhna féin, a bheidh ar siúl i City West i mBÁC i mbliana.

Beidh sraith amháin ceardlanna ar siúil gach Luan ó 8.00-10.00pm in oifig Fhoras na Gaeilge, Cearnóg Mhuirfean, ag tosú ar an 7 Meán Fómhair, agus beidh an tsraith eile ar siúil gach Satharn ó 11.30-13.30pm in Áras na bPíobairí Uilinn, Sráid Henrietta, ag tosú ar an 12 Meán Fómhair. Beidh áit ann do chúigear i ngach rang

Más spéis leat páirt a ghlacadh sa togra dúshlánach, taitneamhach seo, ní gá ach rphost a chur chuig majella faoin Aoine 31 Iúil, ach ná fág go dtí sin é, cuir rphost anois chuici nó cur teachtaireacht chuici ar lth facebook Oireachtas na Gaeilge nó go Splanc ar twitter agus socrófar áit duit más féidir.


Share this article


Most Popular